Cultúr Duchais (Teastas/Dioploma)

Course Details
- University of Galway – Adult Learning
- Galway City
- Language, Irish
- POA
- Flexible Learning, Part Time and Evening
- Dha bhliain, pairtaimseartha
Course Description
Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchais agus i mbéaloideas na hÉireann. Is é aidhm an chúrsa eolas a roinnt le rannpháirtithe le go bhfaighidh siad léargas ar shaibhreas an chultúir sin. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá:
Deasghnátha, nósanna agus tuiscintí traidisiúnta an Bhéaloidis
Na hEalaíona Dúchais: Amhránaíocht, ceol & damhsa
An Cultúr Ábhartha: Bealaí maireachtála agus ceirdeanna traidisiúnta
Cuirtear an cúrsa ar fáil ar an Idirlíon den chuid is mó, ar bhealach a thabharfaidh deis do rannpháirtithe tabhairt faoi ina n-am féin.